Tháinig dea-scéal chuig beirt scoláire as an Dara Bliain an tseachtain seo nuair a cuireadh in iúl dóibh go raibh dearbháin scoláireachta buaite acu le freastal ar chúrsa samhraidh i gColáiste Cholumba ar an gCeathrú Rua, Co. Na Gaillimhe an samhradh seo chugainn. Is iad sin Andrea Baker agus Ella Crowe atá i rang 2.1. Comhghairdeachas leo!